[Search for users] [Overall Top Noters] [List of all Conferences] [Download this site]

Conference tallis::celt

Title:Celt Notefile
Moderator:TALLIS::DARCY
Created:Wed Feb 19 1986
Last Modified:Tue Jun 03 1997
Last Successful Update:Fri Jun 06 1997
Number of topics:1632
Total number of notes:20523

1180.0. "An t-Eola�, Geimhreadh 1992/93" by TALLIS::DARCY () Tue Feb 02 1993 16:39

From:	US1RMC::"GAELIC-L%[email protected]" "GAELIC Language Bulletin Board"  2-FEB-1993 15:20:42.94
To:	Multiple Recipients of <GAELIC-L%[email protected]>
CC:	
Subj:	An tEolai/ : Geimhreadh 92


Seo co/ip leictro/ineach den tEolai/ a fuaireas o/ Matt Hussey sa Roinn
Fisic anseo i Sra/id Caoimhi/n, chun go gcuirfinn suas ar GAELIC-L e/.


Sea/n Mac Suibhne
[email protected]
no/
SMacSuibhne%[email protected]
-----------------------------------------------------------------------
DRE/ACHT 31 Deireadh Fo/mhair 1992

An t-Eolai/
ISSN 0791-6663

GEIMHREADH 1992/93

Seosamh O Murchu/, Matt Hussey, Breanda/n O hAnnaidh, Nollaig O
Donnabha/in, Conchu/r O Ceallacha/in, Pa/draig de Bhaldraithe



              Strainse/iri/ ar an gco/sta

     O am go che/ile tagann ainmhithe agus plandai/ strainse/artha
ar cuairt ar cho/sta na hE/ireann
     Le blianta beaga anuas dhruid roinnt turtar i leith an
cho/sta. Cinea/l amha/in acu sin is ea an ceann ar a dtugtar an
droim leathair.  Is reipti/l mo/r e/, suas le tri/ mhe/adar ar fhad.
Ta craiceann bog taobh amuigh da/ bhlaosc, rud is cu/is lena ainm.
Ni/l mo/ra/n eolais faoi na turtair seo, ach amha/in go mbeireann
sian uibheacha ar cho/sta thuaidh Mheiricea/ Theas agus go n-
itheann siad smugairli/ ro/in.
     Maireann an t-iasc truicir i bhfarraigi/ tro/paiceacha no/ i
ngar do/ibh de ghna/th, ach bhi/ roinnt acu ar fa/nai/ocht o/ thuaidh i
mbliana ar cho/stai/ iarthar na hE/ireann. Ta/ tri/ dhealg ar an
che/ad eite droma aige. Usa/ideann se/ an che/ad ceann mo/r chun e/
fe/in a fha/isceadh i scailpeacha sna carraigeacha. Ni/ fe/idir leis
an ceann mo/r a fhilleadh anuas gan an tri/u/ ceann a isliu/ ar
dtu/s - seo e/ an truicir.
     Is si/ol don snasta, cu/pla orlach trasna, cruinn no/ i gcruth
an chroi/, an po/naire farraige. Chuirfeadh se/ si/ol an chno/
capaill in gcuimhne duit.  Ta/ cinea/lacha e/agsu/la ann agaus is
si/olta iad de chrainnte a fha/sann i dti/ortha an Mhuir Chairib, a
iomprai/tear o/ thuaidh ar shruthanna an aige/in go dti/ co/sta na
hE/ireann.

droim leatahair               leatherback turtle
smugairle ro/in                 jellyfish
iasc truicir                        trigger fish

                       --oOo--

           Leigheas nua o/n sean-leigheas

     An bhfuil aon mhaith ins na sean-leigheasanna ti/re ? Ta/
daoine ann i gco/nai/ a thugann creidiu/int do na sean-leigheasanna
nach bhfuil iontu i nda/iri/re ach piseoga gan bhri/. Ach fo/s is
fe/idir tairbhe a bhaint as leigheas ti/re, ma/ ta/ bunu/s ceart leis.
Ta/thar tar e/is athbhreithniu/ nua-aoiseach a dhe/anamh ar roinnt de
na sean-leigheasanna ti/re, ach obair fha/nach a bhi/onn i gceist go
minic, gan aon rian ceart air.
     Ni/ obair mhantach da/ leithe/id sin a bhi/onn i gceist ag an
Institiu/id Na/isiu/nta Ailse sna Sta/it Aontaithe, a/fach. Leigheas
ar ailse no/ ar AIDS go ha/irithe a bhi/onn a/ lorg ag lucht na
hInstitiu/ide sin. Le de/anai/ ta/ taighde chu/ramach de/anta acu ar
phlandai/ neamhchoitianta agus ar a/bhaiar mhara a u/sa/idtear mar
leigheas ar oilea/n Shamo/, o/ dheas san Aige/an Ciu/in.
     Nuair a thug na Meiricea/naigh faoin obair, chuadar i
gcomhairle ar dtu/s le fir leighis Shamo/, a thaispea/in do/ibh crann
beag a d'fha/s i bhforaoisi/ Shamo/ agus a raibh ca/il mho/r leighis
air.  Duilli/ an chrainn sin, ba mhaith iad chun pianta droma a
leigheas, u/sa/idti/ na fre/amhacaha mar leigheas ar an bhuinneach
agus u/sa/idti/ an t-adhmad in aghaidh an fhiabhrais bhui/. Ba le/ir
na/rbh aon a/ibhe/il a bhi/ i gceist, rud a chruthaigh na taighdeoiri/
le ta/sta/lacha eolai/ocha. Ni/ amha/in sin, ach d'e/irigh leo
comhdhu/il cheimiceach a aonru/, a bhi/ e/ifeachtach go maith in
aghaidh chealla daonna a bhi/ galraithe ag gni/omhai/ mo/r an ghalair
AIDS, HIV-1.

leigheas ti/re                    folk cure
buinneach                                  diarrhoea
fiabhras bui/                       yellow fever


                       --oOo--

                  Seilmide buacach !

     Seilmidi/ ata/ chomh mo/r le dorn fir, ta/ siad ag de/anamh
buartha faoi la/thair d'oifigigh i bhFlorida na Sta/t Aontaithe.
Seilmidi/ de shaghas ar leith iad (in seilmide raspa banana) a
smugla/ladh o/n Ni/ge/ir isteach i bhFlorida chun go ndi/olfai/ ann iad
i siopai/ ainmhithe peata. Ach da/ dtarlo/dh go n-e/alo/dh siad no/ go
saorfai/ iad, ba bhaolach go dtabharfadh siad go craosach faoi na
barra feirme agus faoin du/lra. Ta/ faiti/os ar na hoifigigh
talmhai/ochta go n-eireodh leo cur futhu i bhFlorida agus ta/ gach
iarracht ar siu/l anois leis na seilmidi/ a ghabha/il. Sampla eile
fo/s is ea e/ seo den chontu/irt a bhi/onn i gceist nuair a shaortar
spe/iceas o/n iasacht i dtimpeallacht u/r a oireann do/ !

seilmide                                      snail
                       --oOo--

                   Mireacht loinge ??

     Nuair a bhi/onn tu amuigh i la/r na farraige conas is fe/idir
leat mireacht loinge a thomhas ?  Bhi/ sli/ an-chliste ag
mairne/alaigh fado/. Tho/gaidi/s giota adhmaidh agus ghreamai/di/s
pi/osa luaidhe leis. Bhi/ ro/pa acu le cnota ar an ro/pa gach 47.5
troigh no/ 14.5 me/adar. Cheanglai/di/s an ro/pa leis an ngiota
adhmaid agus ligidi/s do/ titim isteach san uisce. D'fhanadh an
giota adhmaid socair ar bharr an uisce agus ligti/ don ro/pa
sileadh amach le/i i gco/nai/. Tar e/is 90 troigh a ligint amach
castai/ cloigi/n ghainimhe 28 soicind bun os cionn. Ansin le linn
don ghaineamh a bheith ag titim, deinti/ na cnotai/ a chomhaireamh
de re/ir mar a ghabhadh siad tri/ la/mha an mhairne/alaigh, agus
b'shin mireacht an bha/id i naisc. Is ionann mireacht de cnota
agus timpeall 1.93 cilime/adar san uair.

cnota                                                  knot
cloigi/n ghainimhe          hour glass



                           --oOo--

     Lea/ na n-oighearchaidhpeanna (melting of the ice caps)

     Os na pictiu/ir a bhfaightear o/ shaitili/ti/ tuigtear anois go
bhfuil laghdu/ de 0.2% in achar an oighir ag an Mol Theas le fiche
bliain anuas.  Ni/ fios fo/s an de bharr mhe/adu/ ar the/amh an
domhain de bharr athruithe san iarmhairt cheaptha teas no/ ar
chu/iseanna eile an lea/ seo. Ta/ a fhios go dtarlai/onn a leithe/id
ag deireadh oighearaoise, ach ta/ seans gur rud randamach e/
freisin.  Mar sin is mo/r an spe/is sa bhfeinime/an lea/ite seo mar
gur fe/idir gur tuar e/ go bhfuil athruithe aera/id i ndon du/inn.
Ta/ 90 den oighear seo san Antartach agus ta/ mo/rchuid an fhui/lligh
ag an Mol Thuaidh.  Sa tre/imhse idiroighreach roimhe seo, 125
mi/le bliain o/ shin, tharla an oiread sin lea/ite do na
hoighearchaidhpeanna ag an Moil gur ardai/odh leibhe/al na farraige
faoi deich mhe/adar. Ma/ leanann an lea/ ata ar siu/l anois meastar
go n-ardo/idh an mea/nleibhe/al farraige faoi suas go dti/ me/adar sa
che/ad seo chugainn, rud a bheadh tubaisteach do cho/stai/ i/sle ar
fud an domhain.
[Fe/ach ailbe/ideacht, timthriallta oighir]

                           --oOo--

                        Mount Pinatubo

     Bolca/n sna hOilea/in Fhilipi/neacha is ea Mount Pinatubo, a
bhru/cht go ple/ascach i mi/ Mheithimh 1991 agus theilg an tsliabh
ceathanna carraigeacha, clocha, deannaigh, luaithrigh agus ga/s
suas go dti/ 25 cilime/adar in airde agus a mhill na bailte mo/r-
thimpeall uirthi.  Ni/os mo/ na bliain ni/os de/anai/ ple/ascann an
tsliabh ar sca/la beag, ni/os mo/ na/ 500 uair gach la/ agus ta/ be/al
an bholca/in ag me/adu/ an t-am ar fad. De re/ir dealraimh,
leanfaidh an pro/iseas seo ar feadh tri/ no/ ceithre bhliain eile ar
a laghad.  Mar sin ta/ bru/chtadh leanu/nach cothrom de phu/dar tiubh
ar siu/l a chlu/dai/onn an ti/r le ciseal deich mhe/adar ar dhoimhne,
suas go dti/ deich gcilime/adar amach. Nuair a thiteann fearthainn
athrai/onn an pu/dar ina la/ib ghreamaithe. Ni/ gna/thlaibhe ata/ ag
rith amach as a bholca/n seo ach stuif ar a dtugtar lahar nach
bhfuil chomh lea/ite na/ chomh te le laibhe ach a ritheann i bhfad
ni/os tapu/la na/ laibhe. Ta/ an lahar seo tar e/is gleannta agus fiu/
foithreacha aibhneacha ce/ad me/adar ara dhoimhne a li/onadh ag ta/
na haibhneacha ag gearradh cu/rsai/ nua do/ibh fe/in.
     De bhri/ gur fhan an oiread sin den bhunbhru/chtadh thuas sa
strataisfe/ar, ta/ se/ ag cur bac ar radai/ocht na gre/ine agus ag
de/anamh dochar don chiseal o/zo/in. Meastar gur laghdaigh an bac
seo mea/nteocht an domhain faoi leath de ghra/d Celsius thar an
bhliain o/ bhru/cht Mount Pinatubo agus go mbeidh an oiread den
deannach fo/s thuas sa strataisfe/ar go mbeidh laghdu/ ann ar a
laghad go dti/ la/r an bliana 1993. Ni/ bheidh a thionchar iomla/n
ar atmaisfe/ar agus ar aera/id an domhain le/irithe go dti/ deireadh
an che/id, de re/ir na geolaithe agus na meite/areolaithe.
[USA TODAY, 20 Deireadh Fo/mhair 1992]


                           --oOo--


                    Ste/aro/idigh (steroids)

     Raon leathan de chomhdhu/ile ceimiceacha a tharlai/onn go
na/durtha i bplandai/ agus in ainmhithe, agus a shinte/isi/tear go
saorga freisin.  I measc na ste/aro/ideach na/du/rtha ta/ na gne/as-
hormo/in, na hormo/in aidre/ineacortacacha, na ste/aro/il
(colaiste/aro/l agus a dhi/orthaigh) agus na haige/idi/ domhlais (ata/
ta/bhachtach i ndi/lea/ geire).
     Ta/ tri/ shaghas gne/as-hormo/n ann, iad go le/ir di/orthaithe o/
cho/laiste/aro/l, na handraigini/ (gne/as-hormo/in fhireanna, mar
te/ististe/aro/n, a tha/ltar sna huiri/ocha agus ata/ freagrach as fa/s
agus coimea/d na ngne/asorga/n fireanna agus na ngne/astre/ithe
fireanna), na he/astraigini/ (gne/as-hormo/in bhaineanna a tha/ltar
sna hubhaga/in agus ata/ gni/omhach i bhfa/s agus i gcoimea/d na
ngne/asorga/n agus na ngne/astre/ithe baineanna) agus pro/gaiste/aro/n
(hormo/n a tha/ltar mar ullmhu/cha/n i gcomhair toirchis agus chun
toircheas a choimea/d).
     Ta/ltar na hormo/in aidre/ineacortacacha i gcoirte/is (ciseal
seachtrach) na faireoige aidre/ini/, a bhfuil ceann suite ag barr
gach dhua/in. Ta/ na hormo/in seo di/orthaithe o/ cholaiste/aro/l
freisin agus iad de dha/ shaghas, na glu/cacortacaste/aro/idigh (ina
measc cortaso/n agus hidreacortaso/n, ata/ gni/omhach i ndi/lea/ na
bpro/ite/ini/, i gcruthu/ glu/co/is, i bhfeidhmiu/ na gcarbaihiodra/iti/
sa chorp agus mar cho/racha leighis i gcoinne airtri/tis scoiltigh
agus neamhord chraicinn) agus na mianracortacaste/aro/idigh
(aldaiste/aro/n agus a dhi/orthaigh a stiu/rann cothromai/ochtai/ an
uisce agus an tsalainn sa chorp).
     Ta/ ste/aro/idigh shaorga ann a fheidhmi/onn ar shli/ cosu/il le
hormo/in ste/aro/ideacha. Ina measc seo ta/ gni/omhaithe
frithathlastacha (di/orthaigh o/ na glu/cacortacaste/aro/idigh mar
prednaisealo/n agus deisimeataso/n a u/sa/idtear mar cho/racha leighis
i gcoinne airtri/tis scoiltigh), na frithghiniu/naigh bhe/il
(e/astraigin no/ di/orthaigh de phro/gaiste/aro/n, no/ comhcheangal den
da/ rud) agus ste/ado/idigh anabolacha.
     Is e/ a chiallai/onn "ste/aro/ideach anabolach" na/ go gcuireann
se le fa/s agus leathnu/ an orga/in ina mbi/onn se/ ag feidhmiu/.
Feidhmi/onn te/ististe/aro/n ar an mhodh seo agus freisin ste/aro/idigh
e/agsu/la shaorga, nanaidreolo/n, stanaiseolo/l agus meiteandaineo/n
ina measc.  Usa/idtear iad go dleathach mar cho/racha leighis i
gca/sanna de thna/u/ an choirp, in oiste/apo/ro/is agus i gca/sanna ar
leith d'anaemacht.  Ach u/sa/idtear iad go mi/dhleathach ag corp-
tho/ga/laithe agus ag lu/thchleasaithe chun a mata/in a mhe/adu/ agus a
neart a fheabhsu/ le linn traena/la. Ni/l se/ seo ceadaithe ag na
hu/dara/is spo/irt agus ta/ co/rais chasta tha/sta/la a/ u/sa/id chun
rianta de na drugai/ seo i la/thair i mu/n an lu/thchleasai/ agus an
caimile/ir a fha/il amach. Ar an drochuair ta/ gni/omhaithe folaithe
ar fa/il, mar an druga pro/ibeinici/d ata/ ann chun an gu/ta a chloi/,
a athrai/onn an tsli/ ina n-eisce/idi/tear an ste/aro/idigh sa mhu/n.
Bhe/adh ta/sta/il na fola i bhfad ni/os cinnte agus ta/ a leithe/id a/
phleana/il ag na hu/dara/is faoi seo. Gan an camaile/ireacht a chur
san a/ireamh, bi/onn droch-fho-iarmhairti/ ag baint le u/sa/id na
ste/aro/ideach anabolacha, ina measc, ni/os mo/ d'ionsaitheacht,
gne/ithe mi/norma/lta de na baill ghiniu/na, mna/ a dhe/anamh ni/os
firinne, agus baol ni/os mo/ d'aici/di/ croi/ agus ae.


                           --oOo--

            Re/altacht fhi/oru/il (virtual reality)

     Co/rais ata/ bunaithe ar ri/omhairi/ ina gcruthai/tear don
oibreoir, samhlu/ tri/-thoiseach de re/altacht e/igin agus tri/ feidhm
a bhaint as uirlisi/ a bhraitheann gluaisne su/ile, la/mha agus corp
an oibreora, inar fe/idir leis an oibreoir imoibriu/ leis an
re/altacht fhi/oru/il sin. De re/ir mar a ghluaiseann su/ile an
oibreora mar shampla, athrai/onn an samhlu/ a fheiceann se/. Mar
sin feiceann an t-oibreoir samhlu/ tri/-thoiseach ata/ ag
gluaiseacht an t-am ar fad, de re/ir mar a ghluaiseann se/ fe/in a
shu/ile no/ a la/mha. Ta/ se/ i gceist co/rais mar seo a shaothru/ agus
a u/sa/id chun robat a threoru/ i bhfad amach uaidh, chun obair a
dhe/anamh in a/it dhoshroichte no/ bhaolach. Usa/idfear iad freisin
chun daoine a thraena/il chun obair chasta chostasach a dhe/anamh,
mar obra/idi/, tioma/int eitlea/in, dearadh gluaistea/n agus eile.


                           --oOo--

                  Damha/n alla agus a li/on

     An bhfuil a fhios agat go n-itheann agus go n-athdhe/anann an
damha/n alla a li/on gach la/ tais, di/reach roimh briseadh an lae ?

     Athsu/nn an li/on uisce o/n aer tais agus ceaptar gur chun
uisce a fha/il do/ fe/in a itheann an damha/n alla an li/on. Le linn
aimsire tirime ni/ bhi/onn an fonn air an li/on a ithe leath chomh
minic.  Ni/l fa/il aige ar uisce o/ aon fhoinse eile ach amha/in o/n
gcreach a ghabhann se/ sa li/on, mar ni/l se/ in ann an li/on a
fha/gail de bhri/ go mbi/onn se/ ar faire an t-am ar fad.

     Chomh maith leis an gcumas su/ite uisce ta/ de re/ir dealraimh,
dha/ shaghas si/odatointe sa li/on. Ta/ tointi/ la/idre dolu/btha a
fheidhmi/onn mar chreatlach i struchtu/r an li/n. Freisin ta/
tointi/ insi/nte ar fe/idir iad a shi/neadh ar a laghad faoin a
ceathair agus a dhe/anann an li/on gafa ina ghreamai/tear an
chreach.  Ach is mo/ili/ni/ tais-sco/pacha a chlu/dai/onn na bun-
shi/odatointi/ a dhe/anann an t-ionsu/ uisce, ni/ na si/odathointi/
fe/in.
[New Scientist, 27 Meitheamh 1992]

damha/n alla                          spider
li/on                                                      web
tointe                                              fibre
tais-sco/pach                       hygroscopic

                           --oOo--


                Sean-luaidhe ar bith agat?

     Roinnt blianta roimh bhreith Chri/ost, chuaigh ba/d Ro/mha/nach
go to/in ar cho/sta thiar-dheas na Sairdi/ne, agus le 2,000 bliain i
leith ta/ a lasta, 1,500 barrai/ luaidhe ar mhais de thuairim is 33
kg ag gach ceann acu, ina lui/ ag bun na farraige, faoi 30 me/adar
d'uisce. De/antu/s pi/opai/ uisce, ancairi/, fabhracha li/onta, no/
clampai/ cloiche, srl., a bhi/ beartaithe don luaidhe seo, ach
anois u/sa/idfear cuid mhaith di ag fisiceoiri/ o/n Istituto
Nazionale di Fisica Nucleare (INFN) i saotharlann fo-thalamh Gran
Sasso.

     Saotharlann i/ seo ina nde/antar fiosru/, mar shampla, ar
imoibriu/ neoidri/ono/nna o/n ghrian, ag a bhfuil rian an-lag go deo.
Chun iad a aimsiu/ ni/ mo/r na haimsitheoiri/ a chosaint ar
radaighni/omhai/ocht o/ fhoinsi/ eile, go ha/irithe radai/ocht chosmach
o/n spa/s, agus ar neodro/in agus ga/ma-ghathanna o/n timpeallacht. O
tharla go bhfuil saotharlann Gran Sasso lonnaithe faoi 1,400
me/adair carraige, is lu/ faoi 10-6 de/ine na radai/ochta cosmaigh
inti na/ ar dromchla an Domhain. Ni/l flosc na neodro/n laghdaithe
chomh mo/r sin, mar ni/ o/n radai/ocht chosmach amha/in a eascrai/onn
neodro/in - tagann cuid acu amach o/n charraig fe/in - ach toisc
nach bhfuil carraigi/ Gran Sasso an-radaighni/omhach, is lu/ faoi
10-3 de/ine na neodro/n na/ thuas ar an dromchla.

     Ach maidir leis na ga/ma-ghathanna a thagann as charraigeacha
agus as a/bhar to/ga/la araon, is mar an gce/anna a nde/ine siu/d thi/os
agus thuas, agus ni/l aon dul as ach na haimsitheoiri/ a thimpeallu/
le cumhdach d'a/bhar ag a bhfuil ard-uimhir adamhach agus
radaighni/omhai/ocht i/seal. Luaidhe a u/sa/idtear go coitianta chuige
seo, ach ni/l luaidhe nua-dhe/anta ro/-oiriu/nach, toisc i/ bheith
truaillithe ag luaidhe-210, agus a "hini/onacha", biosmat-210 agus
polo/iniam-210. Ce/ go dta/irgi/tear luaidhe i/seal-radaighni/omhach
do'n tionscal leictreonach, ta/ si/ i bhfad ro/-chostasach le hu/sa/id
sna mo/rchodanna a bheadh ag teasta/il mar chumhdach, agus mar sin
ta/ an-to/ir ag fisiceoiri/ ar sean-luaidhe, se/ sin, luaidhe i bhfad
ni/os sine na/ 22 bliain (leathshaol luaidhe-210). Ach ni/ gach la/ a
aimsi/tear a leithe/id siu/d.

     Ni/ amha/in go bhfuil an luaidhe seo sean, ach ni/l si/
truaillithe ag astitim o/ buamai/ nu/icle/acha na/ o/ Tserno/bail. Ni/
haon iontas mar sin go bhfuil eolaithe INFN ag marga/il leis na
seanda/laithe, ag malartu/ anaili/se geoiceimice ar fhoinse na
luaidhe d'fhonn cuid di a chur timpeall ar a gcuid aimsitheoir !
[CERN Courier, Mea/n Fo/mhair 1991]

aimsitheoir             detector
cumhdach                     shielding
fabhair                        sinker
neodro/n                       neutron
neoidri/ono/             neutrino
astitim                        fallout
rian                                  trace, signature



% ====== Internet headers and postmarks (see DECWRL::GATEWAY.DOC) ======
% Received: by us1rmc.bb.dec.com; id AA14454; Tue, 2 Feb 93 15:18:09 -0500
% Received: by enet-gw.pa.dec.com; id AA26735; Tue, 2 Feb 93 12:20:20 -0800
% Message-Id: <[email protected]>
% Received: from HEARN.BITNET by HEARN.nic.SURFnet.nl (IBM VM SMTP V2R2) with BSMTP id 5378; Tue, 02 Feb 93 21:13:47 CE
% Received: from HEARN by HEARN.BITNET (Mailer R2.08 PTF008) with BSMTP id 5375; Tue, 02 Feb 93 21:13:42 CE
% Date:         Tue, 2 Feb 93 16:43:00 GMT
% Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board <GAELIC-L%[email protected]>
% Sender: GAELIC Language Bulletin Board <GAELIC-L%[email protected]>
% From: "Sea/n Mac Suibhne" <[email protected]>
% Subject:      An tEolai/ : Geimhreadh 92
% X-To:         [email protected]
% To: Multiple Recipients of <GAELIC-L%[email protected]>
T.RTitleUserPersonal
Name
DateLines